Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814

I mBéal an Phobail

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Mí in Éirinn (ar athláimh)

Curtha in eagar ag an Seabhac. Comhlucht Oideachais na hÉireann, Tta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Dath an chlúdaigh ídithe agus smál air. Píosa scríbhneoireachta ar an chlúdach chomh maith agus na himill caite. Bloc téacs an-ghlan. Sa seanchló.

Earraí Airgid na hÉireann (ar athláimh)

Folens. Seán Ó Téacháin. Leabhrán bog, riocht maith. Roinnt smál ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

Teagasc na Gaeilge 4 (ar athláimh)

Imleabhar 4. 1984-85. Curtha in eagar ag Liam Mac Mathúna agus Ciarán Ó Coigligh. Comhar na Múinteoirí Gaeilge. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, dath ídithe in áiteanna. Spotaí ar an taobh agus leathanach cheangal. Bloc téacs an-ghlan.

Cín Lae Amhlaoibh (ar athláimh)

Tomás de Bhaldraithe, An Clóchomhar Tta. An Chéad Chló, 1970. Clúdach crua le forchlúdach. Stróicthe ar barr an fhorchlúdaigh. Riocht maith go leor. Dathú ar chúpla leathanach.

Glór na hÉireann leis na Bráithre Críostaí (ar athláimh)

Nualéitheoir Gaeilge le hAghaidh Meánscoileanna agus Gairmscoileanna. M. H. Mac an Ghoill agus a Mhac Teo., 1969. Clúdach bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach, cúinní/imill caite. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Bloc téacs an-ghlan.

Cime Mar Chách – Aistí ar Mháirtín Ó Direáin (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Caoimhín Mac Giolla Léith. Coiscéim, 1993. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Dorchú ar imill na leathanach. .

Uaigneas an Ghleanna & Chun na Farraige Síos (ar athláimh)

J.M. Synge. Aistrithe ag Tomás Ó Flaithearta. Sáirséal Ó Marcaigh, 1985. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach agus na himill beagáinín caite. Na leathanaigh an-ghlan.

An tOileán Draíochta (ar athláimh)

Sir Ernest A. Jelf. Oifig an tSoláthair. 1939. Leagan Gaedgilge é seo a chuir León Ó Broin ar ‘Jill’s Magic Island’, ‘The Little Old Woman’, agus ‘The Country of “Let’s Pretend”‘ a chéadcheap Sir Ernest A. Jelf. Smál ar an gclúdach cúil. Clúdach crua. Bloc téacs glan. Spotaí ar an gclúdach.

Dormitio Virginis (ar athláimh)

Paolo Marletta. Aistrithe ag Máire Nic Mhaoláin. Coiscéím, 1993. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúach agus dorchú ar na leathanaigh.

Dún Laoghaire agus Ceanntair Mágcuairt (ar athláimh)

Clúdach bog, 1936. Dath an chlúdaigh beagáinín ídithe, nóta amháin scríofa ar cúl le peann.

Poetry Ireland Review Issue Number 31 (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Máire Mhac an tSaoi. Winter-Spring 1991. Cleudach bog, riocht an-mhaith. Cúpla marc ar an chlúdach.

Iomrall (ar athláimh)

Iarla Mac Aodha Bhuí. Coiscéim, 1982. Clúdach bog, riocht maith. Smál ar an chlúdach.

An Piarsach Óg agus Conradh na Gaeilge (ar athláimh)

Frank O’Brien. Leabhrán bog, riocht maith go leor. Smál ar an chlúdach agus meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

Ó Donnabháin Rosa I (ar athláimh)

Seán Ó Lúing. Sáirséal agus Dill, 1970. Clúdach crua gan fhorchlúdach, riocht maith. Imeall an chlúdaigh fíorbheagáinín caite, cúpla smál beag air. Dath an chlúdaigh ídithe in áiteanna. Bloc téacs an-ghlan.

Cois Caoláire (ar athláimh)

Máirtín Ó Cadhain. Sáirséal agus Dill, An Chéad Chló 1953. Clúdach crua gan fhorchlúdach, i riocht maith. Smál beag ar an gclúdach tosaigh. Dorchú ar na leathanaigh ach iad an-ghlan. Gearrthóg den bhforchlúdach laistigh. Síniú an iar-úinéara laistigh.

The Day Michael Collins Was Shot (ar athláimh)

Meda Ryan. Poolbeg, 1994. Riocht an-mhaith.

Conarthaí ag bunú gComhphobal Eorpach 1973 (ar athláimh)

Clúdach crua. Spotaí péinte ar an gclúdach. Stampa an iar-úinéara leis. Riocht an-mhaith san iomlán, smál air in áiteanna.

Garret’s Bloodshed Scenario 77 (ar athláimh)

Derry Kelleher. Justice Books. Leabhrán bog, riocht maith. Marc ar an chlúdach. Bloc téacs an-ghlan.

An Ghaoth Aniar (ar athláimh)

Tomás Ó Máille. Comhlucht Oideachais na hÉireann, 1930. Clúdach bog, le forchlúdach lámhdhéanta páipéir. Smál ar an bhforchlúdach, agus ainm an iar-úinéara scríofa air. Nótaí scríofa ar roinnt leathanaigh agus dorchú ar na leathanaigh.

Cruiskeen Lawn (ar athláimh)

Sleachta (extracts) ó (from) saothar laethúil (the daily labours) an tsaoi (of the wise man) Myles na gCopaleen ar n-a gcur ar fáil annso (presented here) slán ó bháthadh et ó bhuan-chailleamhain (safe from extinction and eternal loss) tré chaoin-chead (through the kindly leave) lucht stiúrtha an Aighris Taighms (of the persons conducting the Irish…

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil