Skip to content
Glaoigh orainn/Call us: +353 (0) 1 478 3814
star Ciseán 61

I mBéal an Phobail

Prionta A4 – Aibítir | Cló Gaelach (Nine Arrow)

Prionta A4: an aibítir sa chló Gaelach, deartha ag Nine Arrow. Níl fráma leis.

Prionta A4 – Bród (NineArrow)

Prionta A4 le NineArrow.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Contaetha na hÉireann (Éire) Ildaite

Míreanna mearaí déanta as adhmaid. Contaetha na tíre ar bhlocanna beaga adhmaid, ar féidir iad a bhaint dá chéile nó a chur ar ais san áit cheart. Oiriúnach do pháistí in aois 5+.

That Place we Call Home

Leabhar Béarla le John Creedon mar gheall ar logainmneacha na hÉireann.

Míreanna Mearaí Cairtchláir A3 – Na Lochlainnaigh

Mireanna mearaí cairtchláír A3 a leiríonn cúrsaí taistil na lochlainnaigh

Míreanna Mearaí Adhmaid – Amuigh Faoin Spéir

Seit blocanna beaga adhmaid ar féidir iad a chur le chéile nó a bhaint dá chéile.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Cruimhíní

Míreanna mearaí adhmaid, cruimheanna beaga bídeacha! Aois 3+ Ó bholb go féileacán, bóín Dé agus beach – seo cuid de na cruimhíní a fheictear sa ghairdín.

**Réamhordú – Bealtaine 2024** Bran – Bréagán agus Leabhar i mBosca

Bréagán beag bog agus leabhar le chéile. Toisí an bhréagáin: 6x4x3 orlach. #SpraoiLeBran

Míreanna Mearaí Adhmaid – Ainmhithe Feirme

Is breá le feirmeoirí óga na Míreanna mearaí adhmaid. Is féidir feirm bheag a dheanamh leis an seacht n-ainmhí nó iad a chur le chéile mar aonad iomlán. Is bréagán iontach, láidir iad seo do lámha beaga agus do dhaoine ag foghlaim an teanga. Tá cuma alainn air leis!

An File Mícheál Ó Gaoithín – The Blasket Painter – Selected and Introduced by Maria Simonds-Gooding

Leabhar faoi sceitseanna agus obair phéinteála a rinne Mícheál ‘An File’ Ó Gaoithín.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Sa Bhaile

Seit blocanna adhmaid a thagann le chéile chun suíomh baile a chruthú, agus stór focal Gaeilge ar na blocanna. Déanta ag Alphabet Jigsaws.

Prionta A4 – Sliogáin Mhara na hÉireann (Nine Arrow)

Prionta A4 le Nine Arrow de shliogáin mhara choitianta na hÉireann.

Thirty-Two Words for Field – Lost words of the Irish landscape

Saothar le Manchán Magan (i mBéarla) faoi théarmaí Gaeilge.

Prionta A4 – Samhlaíocht | Carn leabhar (Nine Arrow)

Prionta A4 le NineArrow. Níl fráma leis. Tá cairtchlár tiubh taobh thiar de.

Míreanna Mearaí Adhmaid – An Siopa – Uimhreacha

Míreanna mearaí adhmaid – sa siopa! Aois 3+

Listen to the Land Speak – A journey into the Wisdom of what lies Beneath Us

Leabhar le húdar ‘Thirty-Two Words for Field’ agus ‘Tree Dogs, Banshee Fingers and other words for Nature’.

Míreanna Mearaí Adhmaid – Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha)

Míreanna Mearaí Adhmaid: Dathanna (Bogha Báistí/Tuar Ceatha). Na dathanna atá san áireamh sa seit seo: dubh, bán, bándearg, donn, liath, corcra, gorm, glas, buí, oráiste agus dearg.

Oghma 9 (ar athláimh)

Foilseacháin Oghma, 1997. Eagarthóirí: Seosamh Ó Murchú, Micheál Ó Cearúil, Antain Mag Shamhráin. Clúdach bog, riocht an-mhaith

No Surrender! The siege of Londonderry 1689 (ar athláimh)

Tony Gray, MacDonald and Jane’s, London, 1975. Clúdach crua le forchlúdach. Forchlúdach stróicthe sa chúinne, riocht maith.

Scéalta Uladh – déanta as leabhair éagsúla (ar athláimh)

Clúdach crua curtha leis na leabhair seo a leanas, iad go léir fite le chéile: Lá na Cúirte agus dhá eachtra eile – Cú Chulainn Micheál Ruadh – Máire Ceol na n-éan agus sgéalta eile 1919 – in eagar ag Séamus Ó Searcaigh Ar lorg an tSeanchaidhe 1915 – Peadar Ó Dubhda ‘Cú Chulainn’ –…

An leaba a d’imigh HÚIS go Baile Átha Cliath (ar athláimh)

Clúdach crua. Ruachan ar an gclúdach, na leathanaigh féin saor uaidh. Bernard Share, William Bolger. Foilsithe ag Allen Figgis, 1965. Lándaite, na leathanaigh an-ghlan.

The Amazon Journal of Roger Casement (ar athláimh)

Curtha in eagar ag Angus Mitchell. The Lilliput Press, 1997. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla marc ar an chlúdach. Cúinní roinnt leathanaigh brúite. Na leathanaigh an-ghlan.

The Spiritual Rose (ar athláimh)

Prayers and Meditations in Irish. Curtha in eagar ag Malachy McKenna. Dublin Institute for Advanced Studies, 2001. Clúdach crua, riocht maith. Poll beag ar an imeall. Smál ar an chlúdach agus ar an imeall, ach an bloc téacs i riocht an-mhaith.

Machtnamh Seana-Mhná (ar athláimh)

Peig Sayers. Curtha in eagar ag Máire Ní Chinnéide. Oifig an tSoláthair, 1946. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Roinnt smál beaga ar an bhforchlúdach. Ainm an iar-úinéara taobh istigh. Na leathanaigh an-ghlan.

Bun an Dá Abhann (ar athláimh)

Seán Ó Ciarghusa. Oifig Díolta Foillseacháin Rialtais, 1933. Sínithe ag an údar don iar-úinéir. Clúdach crua, gan forchlúdach, riocht maith. Dath ídithe ar an chlúdach agus smál air, agus spotaí/dorchú ar an taobh.

An Maidíneach (ar athláimh)

Clúdach crua, forchlúdach plaisteach leis i riocht mhaith. Riocht an-mhaith. Leon Ó Broin, Sáirséal agus Dill, an chéad chló 1971. 376 lth.

Sgéal na h-Éireann (ar athláimh)

I gCóir Páistí Scoile. Pronnsias Ó Súilleabháin. Comhlucht Oideachais na hÉireann Teor. Clúdach bog, riocht maith. Cúpla smál ar an chlúdach agus stampa air chomh maith. Meirg ar na stáplaí. Bloc téacs an-ghlan.

An Duinníneach [crua] (ar athláimh)

Proinsias Ó Conluain agus Donncha Ó Céileachair. Sáirséal agus Dill, 1976. Clúdach rua le forchlúdach plaisteach, riocht an-mhaith. Cúpla marc an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Two Worlds of Andrew Wyeth: Kuerners and Olsons (ar athláimh)

The Metropolitan Museum of Art, 1976. Clúdach bog, riocht maith. Dath an droma ídithe, imeall beagáinín caite. Cúpla smál an-bheag air. Bloc téacs an-ghlan.

Rós Fiáin Lios an Daill (ar athláimh)

Caitlín Bean Uí Thallamhain. Clódhanna Teoranta, 1967. Clúdach bog, rioch maith go leor. Smál ar an chlúdach. Dorchú agus spotaí ar an taobh. Bloc téacs an-ghlan.

Pádraig Mac Piarais (ar athláimh)

P. de Barra. Cló Chois Fharraige. 1979. Leabhrán bog, riocut cuibheasach maith. Smál/marcanna ar an chlúdach, atá lúbtha. Caite ar an imeall. Bloc téacs an-ghlan.

An Baile Seo ‘gainne (ar athláimh)

An Seabhac. Clódhanna Teoranta. Clúdach bog, riocht cuibheasach maith. Clúdach caite, nótaí ar roinnt leathanaigh.

Modhaigh – Scéal Pobail Scéal Eaglaise (ar athláimh)

Risteárd Ó Glaisne. An Cl´chomhar Tta., 1998. Sínithe ag an údar, tiomnaithe don iar-úinéar. Clúdach crua, le forchlúdach. Riocht an-mhaith. Marcanna beaga ar an bhforchlúdach.

An Bealach Chun a’ Bhearnais (ar athláimh)

Tarlach Ó hUid. Clólucht an Talbóidigh. An chéad chló, 1949. Clúdach crua le forchlúdach, riocht maith. Forchlúdach caite ar an imeall, smál air agus dorchú ar chúl. Spotaí ar an taobh. Na leathanaigh an-ghlan.

High Sacrifice (ar athláimh)

John F. Deane. The Dolmen Press, 1981. Clúdach bog, riocht an-mhaith. Droim rocach agus cúpla smál an-bheag air.

Stairsheanchas Mhicil Chonraí (ar athláimh)

Clúach crua, forchlúdach leis, riocht maith.

Manchán ar Seachrán – Ó Bhaile Átha Cliath go Nairobi i seanleoraí airm (ar athláimh)

Manchán Magan. Coiscéim, An Chead Chló, 1998. Clúdach bog, i riocht an-mhaith. Authors signature within.

Leabhair Scoile

Bunscoil

Meánscoil